Thursday, May 30, 2024

THE 12 PHOBIAS IN IRISH


GABRIEL ROSENSTOCK: IRISH TRANSLATION & RECORDING OF "THE 12 PHOBIAS" (ORIGINAL POEM BY KON MARKOGIANNIS) 

an dá fhóibe dhéag  

 

1.

Tá eagla orm roimh

an lá amárach

an lá inniu

an lá inné

 

2.

Tá eagla orm

roimh an mbeatha

eagla orm

roimh an mbás

 

3.

Tá eagla orm

nach ndúiseod

as spadántacht

an tsaoil

 

4.

Tá eagla orm

roimh bhrionglóidí

a chéasann mé

is mé im’ dhúiseacht

 

5.

Tá eagla orm

breathnú

orm

féin

 

6.

Tá eagla orm

roimh mo chuid smaointe

mo mhianta

mo scáil

 

7.

Tá eagla orm

roimh an mbrúid

a chónaíonn

i m’ionathar

 

 8.

Tá eagla orm

roimh neamhní

roimh an bhfolús

roimh nialas

 

9.

Tá eagla orm

roimh an dorchadas

atá

istigh ionam

 

10.

Tá eagla orm

go n-athshaolófaí mé

is na dearmaid chéanna

a dhéanamh arís

 

11.

Tá eagla orm

ach níl a fhios agam

cén fáth a mbeadh

eagla orm

 

12.

Tá eagla orm

go bhfaighinn amach

nach ann

don eagla


 https://poetsoftheplanet.com/markogiannis-kon/

https://roghaghabriel.blogspot.com/search/label/Kon%20Markogiannis







Monday, May 13, 2024

ΕΝΑ ΠΟΙΗΜΑ ΤΟΥ ΚΩΝΣΤΑΝΤΙΝΟΥ ΜΑΡΚΟΓΙΑΝΝΗ

Το ποίημα του Κωνσταντίνου Μαρκογιάννη με τίτλο "Παραίτηση" (από το 

πρόσφατο βιβλίο ΙΣΩΣ Ο ΘΑΝΑΤΟΣ, εκδ. Βαχκικόν) φιλοξενείται στην 

ιστοσελίδα της φιλολόγου-ποιήτριας-μεταφράστριας Κατερίνας Λιάτζουρα.

https://katerinaliatzoura.gr/events/κωνσταντίνος-μαρκογιάννης-ίσως-ο-θάν/